Pléifear an dá ghearrscéal An Cluiche Mór agus Spás sa cheardlann seo le béim ar théamaí. Roinnfear gníomhaíochtaí ranga praiticiúla agus modhanna measúnaithe a oireann do dhaltaí na Sraithe Sóisearaí.
Torthaí Foghlama:
Cainteoir: Siobhán Ní Mhurchú
Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga T1 & T2. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht. D’oibrigh sí le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa. Faoi láthair, tá sí ag obair le Studyclix mar shaineolaí ábhar ar a n-ardán nua - Irish Boost.
| Course Date | 23-04-2026 7:00 pm |
| Course End Date | 23-04-2026 8:00 pm |
| Cut off date | 23-04-2026 7:00 pm |
| Capacity | 100 |
| Individual Price | FREE |
| Speaker | Siobhán Ní Mhurchú |
| Select Hours | 1 |
| Location | ONLINE (via ZOOM) |