Skip to main content
  00353 (0)51 311000   info@wtc.ie

Login / Register

WEBINAR: Litríocht na Sraithe Sóisearaí: Úrscéal 'Daideo'

WEBINAR: Litríocht na Sraithe Sóisearaí: Úrscéal 'Daideo'

 

 

Sa cheardlann seo, díreofar ar an úrscéal Daideo mar théacs don tSraith Shóisearach. Pléifear cur chuige céim ar chéim don teagasc, forbairt scileanna litearthachta, agus modhanna chun suim na ndaltaí a mhúscailt sa léitheoireacht. Tabharfar samplaí de thascanna measúnaithe agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha.

Torthaí Foghlama:

  • Scileanna maidir le múineadh na litríochta
  • Tuiscint ar an téacs ‘Daideo’ agus ar théamaí an chúrsa
  • Modhanna éifeachtacha chun freagraí a scríobh
  • Anailís ar an gcóras marcála
  • Conas suim agus rannpháirtíocht daltaí a mhúscailt sa téacs

Cainteoir:

Siobhán Ní Mhurchú

Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga T1 & T2. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht. D’oibrigh sí le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa. Faoi láthair, tá sí ag obair le Studyclix mar shaineolaí ábhar ar a n-ardán nua - Irish Boost.

Course Details

Course Date 20-04-2026 7:00 pm
Course End Date 20-04-2026 8:00 pm
Cut off date 20-04-2026 7:00 pm
Capacity 100
Individual Price FREE
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Select Hours 1
Location ONLINE (via ZOOM)

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars