Skip to main content
  00353 (0)51 311000   info@wtc.ie

Login / Register

WEBINAR - Litríocht nua na hArdteistiméireachta 2027: 'Éoinín na nÉan' agus 'Iníon'

WEBINAR - Litríocht nua na hArdteistiméireachta 2027: 'Éoinín na nÉan' agus 'Iníon'

 

 

Díreoidh an seimineár seo ar an dá théacs nua ar chúrsa na hArdteistiméireachta: Éoinín na nÉan agus Iníon. Déanfar iniúchadh ar na téamaí lárnacha, ar fhorbairt carachtar, agus ar na gnéithe stíle atá suntasach sna saothair. Roinnfear modhanna teagaisc chun tuiscint agus freagairt phearsanta na ndaltaí a neartú.

Torthaí Foghlama:

  • Scileanna maidir le múineadh na litríochta
  • Tuiscint ar an dá théacs agus ar théamaí an chúrsa
  • Modhanna éifeachtacha chun freagraí a scríobh
  • Anailís ar an gcóras marcála
  • Conas suim agus rannpháirtíocht daltaí a mhúscailt sa litríocht

Cainteoir:

 Siobhán Ní Mhurchú

Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga T1 & T2. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht. D’oibrigh sí le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa. Faoi láthair, tá sí ag obair le Studyclix mar shaineolaí ábhar ar a n-ardán nua - Irish Boost.

Course Details

Course Date 16-04-2026 7:00 pm
Course End Date 16-04-2026 8:00 pm
Cut off date 16-04-2026 7:00 pm
Capacity 100
Individual Price FREE
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Select Hours 1
Location ONLINE (via ZOOM)

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars